Jump to content

J. D. Vance

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJ. D. Vance

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) James Donald Bowman Cuir in eagar ar Wikidata
2 Lúnasa 1984
40 bliana d'aois
Middletown, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Vice presidential candidate (en) Aistrigh
17 Iúil 2024 –
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2023 –

Toghcheantar: Ohio Class 3 senate seat (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaConservatism in the United States (en) Aistrigh
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síMiddletown High School (en) Aistrigh (–2003)
Ollscoil Stáit Ohio - Baitsiléir Ealaíon (–2009)
Scoil Dlí Yale - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Áit chónaitheSan Francisco
Gníomhaíocht
Réimse oibreCaipiteal fiontair
Suíomh oibre San Francisco
Cincinnati
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, tráchtaire, airgeadaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRevolution LLC (en) Aistrigh (2017–)
Mithril Capital (en) Aistrigh (2016–2017)
Sidley Austin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Spéis aige/aici iRural sociology (en) Aistrigh agus bochtaineacht
Faoi thionchar
TeangachaBéarla Meiriceánach, Béarla Apaláiseach agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCór Mara na Stát Aontaithe
Céim mhíleataceannaire Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh na hIaráice
Ghlac sé/sí páirt i
5 Samhain 2024Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
15 Iúil 20242024 Republican National Convention (en) Aistrigh
2024Donald Trump 2024 presidential campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileUsha Chilukuri Vance (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Iúil 20242024 Republican Party vice presidential candidate selection (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinjdvance.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm8577419 Facebook: JD-Vance-100070055152736 Twitter: jdvance1 Instagram: teamjdvance TED: jd_vance Musicbrainz: 9a665829-7530-47b5-b795-4f60e79bcd07 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir é James David Vance (a rugadh James Donald Bowman ar an 2 Lúnasa 1984). Is Seanadóir na Stát Aontaithe as Ohio ó 2023 i leith. Ball den Pháirtí Poblachtach é agus bhí Vance roghnaithe ag Trump i mí Iúil 2024 le seasamh leis sa Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024.[1][2][3] Coimeádach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance tráth Ach d'éirigh an Seanadóir as Ohio an-láidir ar son Trump sna 2020idí-luath, agus tugadh 'fear faille' air.[4]

Muirshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea Vance idir 2003 - 2007
2017
2023

Muirshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea Vance idir 2003 - 2007 agus chaith sé 6 mhí in Iaráic mar 'iriseoir' de chuid an Arm.

Foilsíodh Hillbilly Elegy in 2016,[5] cuimhní cinn ar a óige in Ohio agus Kentucky, leabhar a thuill cáil ollmhór do Vance. Coimeádach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance an uair sin agus ba mhinic é ag tráchtaireacht ar an tslí ar éirigh leis an iar-Uachtarán daoine bochta geala a mhealladh chun vótáil. Dúirt Vance tráth go raibh Trump gránna mar dhuine agus go raibh daoine geala bochta á dtabhairt “go dtí áit an-dorcha” aige.[3]

Caipitlí fiontair i Silicon Valley ab ea Vance ar feadh tamall gearr, le linn 2016 - 2017, in Mithril Capital, comhlach de chuid Peter Thiel, duine atá ar dheis ar fad. Bhunaigh Vance "Our Ohio Renewal" in 2016 agus thug Thiel airgead dó níos déanaí.[6][7]

D’athraigh Vance a phort le linn toghchán Seanaid 2022 nuair a thacaigh Trump leis. D'éirigh sé an-láidir ar son an iaruachtaráin. Is minic Vance ag cosaint Trump agus ag aithris ar a chuid cainte agus a chuid bréag faoin toghchán a ‘sciobadh’ uaidh.

Rinneadh iarradh Trump a mharú i mí Iúil 2024. Cé go ndúirt Trump go dtapódh sé an deis an tír “a thabhairt le chéile”, mhaígh Vance agus daoine eile sa Pháirtí Poblachtánach go raibh baint dhíreach ag an eachtra lámhaigh le reitric an Uachtaráin Biden.[3]

Aontaíonn Vance go láidir inniu le seasamh Trump go raibh an toghchán i 2020 a bhuaigh Joe Biden saobh.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Ohio Sen. JD Vance announced as Donald Trump's 2024 vice presidential running mate”. USA Today. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 15, 2024. Dáta rochtana: July 15, 2024.
  2. Alison Main. “Trump selects Ohio Sen. JD Vance as his running mate”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 15, 2024. Dáta rochtana: July 15, 2024.
  3. 3.0 3.1 3.2 "An seanadóir JD Vance, údar ‘Hillbilly Elegy’ roghnaithe ag Trump le seasamh leis sa toghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-16). Dáta rochtana: 2024-08-06.
  4. RnaG (2024-07-25). "Tús Áite: JD Vance" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-08-06.
  5. "Hillbilly Elegy" (as en) (2024-08-03). Wikipedia. 
  6. The New York Times (2022-10-10). "J.D. Vance’s First Attempt to Renew Ohio Crumbled Quickly". archive.is. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-10. Dáta rochtana: 2024-08-06.
  7. .cbc.ca (2024-07-22). "This Conservative MP is 'best friends' with Trump running mate J.D. Vance | CBC News". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-22. Dáta rochtana: 2024-08-06.
  8. Nuacht RTÉ (2024-07-16). "Trump tar éis a chaite caithréimeach ag Comhdháil" (as ga-IE).